Tagann Mol an Óige 1 (Bliain a 1) go hiomlán le Sonraíocht Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T2), Creat na Sraithe Sóisearaí agus na Treoirlínte Measúnaithe don Ghaeilge.
Acmhainní SAOR IN AISCE do Scoláirí
- Gníomhaíochtaí ina gcruthaíonn na daltaí samplaí oibre
- Gníomhaíochtaí a thacaíonn leis na haonaid
- Traenáil sa dréachtú agus athdhréachtú
- Loga gramadaí
- Bileoga féinmheasúnóireachta/machnaimh
Acmhainní SAOR IN AISCE do Mhúinteoirí
- Forléargas ar Chreat na Sraithe Sóisearaí
- Léargas ar an tSonraíocht Gaeilge agus Treoirlíne Measúnaithe
- Scéim Oibre don Chéad Bhliain
- Treoirlínte a thagann leis na straitéisí sa téacsleabhar
- Acmhainní do gach aonad
- Scripteanna iomlána CD
eLeabhar saor in aisce a bhfuil físeanna agus naisc idirlín leabaithe ann – féach an clúdach laistigh. Gheobhaidh múinteoirí a úsáideann an leabhar rochtain ar leaganacha eLeabhair den Punann agus Leabhar Gníomhaíochta agus Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí saor in aisce.
Is féidir teacht ar eLeabhair Gill Education ar line agus as líne.
Múineann Caitríona Ní Shúilleabháin Gaeilge agus ceol i Meánscoil na Trócaire, Cnoc an tSeabhaic, Co. Chiarraí. Tá taithí fhairsing mhúinteoireachta aici agus is í a scríobh an tsraith Aois na Glóire don Teastas Sóisearach agus is comhúdar na leabhar Spreagadh agus Samhlaíocht don Ardteist í.
Múineann Triona Geraghty Gaeilge agus Fraincis i gColáiste Rís, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo. Tá go leor taithí aici mar scrúdaitheoir do na scrúduithe cainte Gaeilge agus is í a scríobh Less Stress More Success: Leaving Certificate Irish Higher Level, agus is comhúdar na leabhar Spreagadh agus Samhlaíocht don Ardteist í.
© 2024 M.H. Gill & Co. Unlimited Company