Téacsleabhar spreagúil sothuigthe do dhaltaí na Gaeilge Gnáthleibhéil
Cur chuige comhtháite téamach i gcás ábhar an chúrsa mar a mholann AnRoinn Oideachais agus Scileanna agus na cigirí
Nótaí agus freagraí samplacha don fhilíocht, phrós agus don cheapadóireacht
Cuidíonn na léaráidí agus na léirithe grafacha le foghlaimeoirí físiúla an fhilíocht agus an prós a thuiscint
Cuireann ábhar dílis mealltach agus tráthúil le beocht na míreannaCeapadóireachta agus Léamhthuisceana
Meallann na modheolaíochtaí gníomhacha foghlama, amhail obair bheirte, obair ghrúpa agus diancheistiú na daltaí agus forbraíonn siad a gcuid scileanna cainte
Cuidíonn na Naisc idirlín agus na Míreanna Físe le hidirghníomhaíocht TFC agus clos-amhairc leis an teanga a chur chun cinn
Cúinne litearthachta ina bhfuil béim ar fhorbairt stór focal an dalta
Deiseanna measúnaithe chun foghlama (AfL) agus féinmheastóireachta
Caibidil ina ndírítear ar an scrúdú agus ina bhfuil nótaí agus leideanna faoi gach gné den scrúdú gnáthleibhéil
Acmhainní SAOR IN AISCE do Dhaltaí
Leabhrán don Scrúdú Cainte agus Cluastuiscintí Breise ina bhfuil:
Script thrí bhréagscrúdú cainte lánfhada
Nótaí agus leideanna faoi eochairfhrásaí don scrúdú cainte
Spás do nótaí na ndaltaí agus iad ag ullmhú don scrúdú cainte
Cluastuiscintí breise
Leabhrán faoin tSraith Pictiúr a phléitear sa scrúdú cainte
Dhá CD do dhaltaí a bhfuil na trí bhréagscrúdú cainte agus an t-ábhar clustuisceana ó na haonaid orthu
Amhainní SAOR IN AISCE do Mhúinteoirí
Sa Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí tá:
Pleananna múinteoirí
Treoirlínte don Scrúdú Cainte agus ceisteanna breise
Léamhthuiscint bhreise
Scripteanna cluastuisceana
CDanna do Mhúinteoirí (na scrúduithe cluastuisceana uile agus athsheinm)
Tá Acmhainní Breise Digiteacha ar fáil ar ár suíomh idirlín acmhainní, www.gillexplore.ie; san áireamh anseo tá sleamhnáin PowerPoint, físeanna don Scrúdú Cainte agus teimpléid phleanála domhúinteoirí ar féidir a chur in eagar
Téann eLEABHAR SAOR IN AISCE leis an téacsleabhar seo! Tá do chód uathúil ar fáil taobh istigh den chlúdach tosaigh.
Múineann Caitríona Ní Shúilleabháin Gaeilge agus ceol in Meánscoil na Trócaire, Cnoc an tSeabhaic, Co. Chiarraí. Tá taithí fhairsing mhúinteoireachta aici agus is í a scríobh an tsraith shárdhíola Aois na Glóire don Ghaeilge sa Teastas Sóisearach. Múineann Triona Geraghty Gaeilge agus Fraincis i Meánscoil Chnocáin Mhicíl Naofa, Co. Mhaigh Eo. Is scrúdaitheoir í do na scrúduithe cainte agus is í a scríobh Less Stress More Success: Leaving Certificate Irish Higher Level.